Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Dé Céadaoin seo caite, Lá Fhéile Pádraig go deimhin, ghlac Ógra Shinn Féin, OÉ Gaillimh páirt i Rith 2010. Bhailigh na reathaithe ón chumann D’Arcy-Mellow’s sa gcoláiste ag an seipéal i mBearna ag 11.45 i.n. agus thosaigh an rith ag 12 i.n. ann. Rith siad ó Bhearna chuig cathair na Gaillimhe – thart ar 8 gciliméadair taobh thiar den Chathair - agus thóg sé thart faoi uair amháin ach bhí sé túirsiúil agus cailleadh cúpla duine ar an mbealach!
Tógadh na chéad chéimeanna de Rith 2010 i mBéal Feirste ar an 9 Márta 2010. I ndiaidh an tsearmanais tionscnaimh, osclaíodh an Bata agus cuireadh an teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge isteach ann. Ansin, bronnadh an bata ar rásaí an chéad chiliméadair agus thosaigh an turas.
Iompraíodh an Bata timpeall na hÉireann ar feadh naoi lá, ó mhaidin go hoíche, ar thuras 1600km, trí breis is 250 baile agus 15 gcondae! Críochnaigh sé ar Lá Fhéile Pádraig i gCathair na Gaillimhe!
Ghlac go leor ball de Shinn Féin agus Ógra páirt ann, ag rith ó Bhéal Feirste timpeall na tíre, an bealach iomlán go Gaillimh. Ag deireadh an reatha, shiúil an grúpa Rith 2010 (muintir Ógra Shinn Féin san áireamh) suas tríd an mbaile le paráid Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe agus nuair a tháinig sé chuig an Fhaiche Mhór agus bhí an teachtaireacht críochnaithe, dúirt Senan Mac Aoidh – Oifigeach na Gaeilge d’Ógra Shinn Féin san ollscoil – é seo faoin imeacht:
'' Sílim gur bhain muidinne ar fad sult ar dóigh as an Rith, cé go bhfuil an chuid is mó againn traochta ón turas. Rud iontach a bhí ann ar son na teanga agus tá tuilleadh imeachtaí spreagúla cosúil leis de dhíth. ''
You can contribute news & reviews for Societies. Whether you're on a committee or not, you can write your own news article or review.
Maybe you've attended a society event recently? Write a review!
Or do you have something you'd like people to know? Write a news article!
Join the what's happening guide and we will send you weekly updates to let you know what's going on in the world of Societies.
Check out our archives if you would like see some of our earlier articles.
